Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “Leagan eile”
  4. XML “Leagan eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuair Donnchadh bás roimh a bhean. Nuair a tháinig sí go geata na bFlaithis níor leigeadh isteach í. Dubhairt Donnchadh annsin "Mo leath istigh agus mo leath amuig srl."
    Leigeadh isteach annsin í acht baineadh an radharc dí mar nuair a bhí sí ar an saoghal seo bhíodh na focla –
    "Nár fheicidh mé Dia"- ar barr a teanga aici
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Giontaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Anna Bean Uí Ceamharcaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    72
    Seoladh
    Cnoc an Chaisleáin, Co. Mhaigh Eo
  2. Fear as Iorrus do bheadh Donnchadh Mór agus bhí sé in a fhear naomhtha. In am na dlighthe peannaideacha a bhí sé ann agus tá go leor sgéalta innste faoi.
    Oidhche Nodlag a bhí ann agus chuaidh sé a chodladh sul a rachadh sé ar Aifreann Meadhon Oidhche agus sin an tam a rinn sé an dán. Bhí sé in a sgathamh maith sul ar dhuisigh sé agus thug sé milleán d'á bhean nuair nar dhuisigh sí níos moiche na sin é mar shíl sé go mbeadh sé mall ar an Aifreann.
    Chuaidh se leis go dtainig go ait a raibh sagart ag tosu Aifrinn agus bhí sluagh mór daoine ann. Nuair a bhí an t-Aifreann thart d'féach Donnchadh thart agus ní raibh le feiceál acht an sagart. Labhair an sagart leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.