Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 182
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalLa amháin chuaidh sgoláire bocht isteach sagart na paráiste. Bhí sruthán aráin ag bruith ar an teine. D'orduigh an sagart ar an gcailín an dinnéar a fhághail réidh dó. Nuair a bhí sí ag fághail a dinnéar réidh dubhairt an sagart go raibh an t-arán á dóghadh.
"Dhá dhó sin a ceatair" arsan sgolaire bocht.
"Is deagh-cainnt a mhaise tú" arsan sagart.
"A gasúr a n-iosfa uibh",
"Bfearr liom a fhághail on gcirc acht a fhághail glan", ar seisean.
Nuair a bhí an dinnéar reidhtighthe ag an gcailín shuidh an sgolaire bocht isteach. Tóg an cailin leabhar agus fuaidh sí ghá leigheadh.
"Cé'n fáth a bhfuil na leacógai sin ar do shúile" arsan sgolaire bocht.
"Muise a rúin déanann siad na printa mór insan leabhar dom", ar sise.
Ta sé chomh maith leat iad a thabhairt dom-sa go bhfeachaidh mé a ndéanfaidh siad an t-im mór insan pláta dom.
Chuir an sagart ceist ar an sgoláire bocht annsin.
"Cén tam a thiocfas cainnt ar an preachán dubh.
D'freagair sé:-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Cailín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás O Cailín
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Dún Átha, Co. Mhaigh Eo