Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Amhrán - An Gabha Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán (An Gabha mór = do rinn)
    (Séumas Ó Modhráin)
    D'éirigh mé ar maidin agus bhí sé moc go leor
    Cé casadh liom acht Micí ag seoladh a chuid bó
    Labhair sé go darach liom
    A Bhríghid na tharraing níos mó
    Bheirfidh mise summons duit mar trespass ar do bhó.
    2
    Sé dubhairt Séumas Micí liom tá sin daor go leor
    A reathaigh le do mhadaidh gach maidin is gach uair
    Nach iomda tomóg luachra nach n-iosaidh tú go deo,
    Tá an bhó ag dul i lagair agus ná siubhailigigh níos mó
    3
    Cuirim-se mo beannacht suas go buachailli Dromslaod Mór
    A bhféadfadh siad tabhairt gloine duit
    D'fead siad agus gloine mór
    Ní abraim Tom Pheadar ná Seumas ag Poitéal Mór
    Nuair a dtug sé punnán ort
    Sé do bhéarfaidh sé ós comhair
    4
    Casadh Jack Ann Muirithigh liom
    Agus é ag bualadh ar an ród.
    Chuir sé ceithre beart liom
    Agus bhí an t-ualach sin ró-mhór
    Thuit sé ar an mbealac i mbóithrín salach Phat Mhór
    A 'mbeadh sé agamsa go gealadh
    Chuirfeadh sé gual go fada is go gearr.
    Fuair Cait Ní Bradseach sin ó Mícheál O Giontaigh (57) Dúna, Baile Cruaich
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Bradseach
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Giontaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Seoladh
    Dún Átha, Co. Mhaigh Eo