Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 162
- XML “Donnchadh Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Donncadh bán1
Nach ciuín is nach ciuín is nach ciúin í an oidhche
Dheamhain a ciúine na mná do chaointe
Tá dhá cheann an tighe folamh is an t-urlár líonta
Agus Donnchadh bhán in a bhradán sínte.2
A Mhic Uí Mulconraidhe ná raibh an t-áith ná an séan ort
Ná raibh inghean choidhche ag iarraidh spré ort
Ná raibh do chlann mhac i bhfochair a chéile
Is tú bhain Donnchadh bán díom a bhí geal gléigeal3
A bhean údai thall atá in éis do gháire
Ná raibh tú choidhche acht mar tá mé.
Do shúile silt is do chroidhe a bheith cráidhte
Agus dhá láimh timcheall ar mac do mháthar4
A Dhonnchadh bháin a dhearbhrathairín dílís
Nach maith atá fhios agam-sa cé bhain díom tú
A líonadh an cupáin is a' deargadh an phíopa
Agus ag siubhal na druchta go mall san oidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Deoráin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Giontaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo