Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 140
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Na Trí Dheireadh is Measa”
  5. XML “Ní Cóir a Thrustú”
  6. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Ná pósaidh cailín Domhnaigh.

    Na pósaidh cailín domhnaigh
    Is ná sanntuigh an caoirín fhoghmhar
    Acht mo dhian-grádh an bhean ar foghnamh
    Nach bhfuil marbh leis an bród.
    (Amhrán)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bualadh cloiche i bpoll mónadh ná oidhche Fhoghmhair ag tuitim.

    (1) Bualadh cloice i bpoll mhónadh ná oidhche Fhoghmhair ag tuitim.
    (2) Ní bhéidh duine críonna go dtéigh beart in a n-aghaidh
    (3) Nar thagaidh deor aithrighe thar do shúil
    (4) Is beo duine gan a dhaoine acht ní beo é gan gal den phíopa
    (5) Tá tú com críonna leis an bhean nac gcaiteann amac uisge na gcos san oidhche
    (6) Is fiuintig poll na paiste.
    (7) Is fearr fairsing é ná ar foghnamh
    Friteadh na píosai sin o Bean Mhic an Bhaird (72) Leitir Fraigh, Co na Gaillimhe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.