Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 135
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Nach tuirseach an rud fear cuireadh ar cuan.

    Nach tuirseach an rud fear cuireadh ar cuan,
    Nac tuirseach an rud bean ar uaigh a fhir
    Nac tuirseach atá mise naoi n-uaire faoi inghean a fhir
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Giontaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mícheál O Giontaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    79
    Seoladh
    Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo
  2. (gan teideal)

    Ritheann an peaca go dtí an seachtú líne.

    Ritheann an peaca go dtí an seachtú líne,
    Is beag atá saor a bhfuil anois le fághail
    Níl níbh dá sgannallaidhe a ndéanfaidhe
    Ó bímuid in ár cine daonna
    Nach múcfadh grádh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. (gan teideal)

    Bhí sgolaire bocht ag siubhal thart fadó ó shoin.

    Bhí sgolaire bocht ag siubhal thart fadó ó shoin. Chuaidh sé isteach idteach Sagairt agus diarr sé greim bídh. Bhain an sagart spailleadh as agus rinn an sgolaire bocht rann:-
    A shagairt atá gan múineadh,
    Agus tú igcionn do chúrsa laidne,
    Thug tú an sglámh sin fúm-sa,
    Mar bhéirfeadh cú do mhadadh
    Mar is ort atá cúram múin
    Mar fada buan do gharla
    Fuair Anna Ní Giontaigh na píosai sin uilig ó a h-athair Mícheál O Giontaigh, (79) Dumha Frighil, Baile Cruaidh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.