Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Ortha an Fhiabhrais Bhig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ortha an Fiabhras beag
    "Go mbeannuighe Dia duit a Mhícheal Aingeal",
    adhubhairt mo Thighearna Iosa Criost.
    "Go mbeannuighe Dia is Muire duit, adubhairt Mícheál Aingeal, a Thighearna Iosa Críost".
    "Céard sin ort a Mhícheáil Aingeal", adubhairt mo Thighearna Iosa Críost.
    "Mór garla, crich garla agus dith-caiteadh bídh",
    Caoin, caoin, cois agus láimh, le do Toil agus le do onóir féin, a Mhic Dé, É sin a thógáil uaim.
    Trí Hail Marys (agus) Gloria a bheith ráidhte roimh an paidir. Is ar Dia Luain, Dia Ceadaoin agus ar Dia Luain aríst a deirtear an Paidir.
    Fuair me an Paidir sin ó Máire Bean Uí Seoige (87) Leitirfraig, Co na Gaillimhe, sean bean aosta atá ar slige na firine anois.
    "Dia is Muire agus Eoin Baiste leat in aghaidh mo dhoigh-fiacail".
    (Ortha le tinneas fiachal do bheith ráidhte nuair a cloistear duine ag sraothadh san séipéal)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Seoige
    Inscne
    Baineann
    Aois
    87
    Seoladh
    Leitir Fraic, Co. na Gaillimhe