Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 120
  3. XML “Paidir don Scaball”
  4. XML “Aisling Mhuire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paidir don Sgaball
    Ofráilim suas an paidir seo in onóir don Mhaighdean glórmhar agus dá haon Mac le hanam dearbratheacha spioradalta agus deirbsiuracha Muire a bhfuil ó luighe na gréine go h-éirge gréine, a bhfuil faoi Brat na Maigdine, a bhfuil rún croidhe in a hintinn a chur ortha a bhfuil, a raibh a mbeidh le Dia ár bpeacaigh a maitheamh dom féin agus dóbhtha-san. Go mbeidh sinn roinn-páirteach i glórmhar agus aoibhneas na maigdine agus a mbéidh siad faoi eadarguidhe beannuighthe ár n-anamna agus ar uair ar mbáis.
    Amén
    Fuair Ann Ní Giontaigh sin ón a athair Mícheál O Giontaigh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Aisling Muire
    An codladh sin ort a Mháthair, ní headh acht aisling cruaidh cráidhte
    Céard is brígh do do aisling,
    Go raibh tú ceangailte le roipín cruaidh cnaibhe go carraig clocha,
    Go raibh Do chuid Feola da spíonadh, da stróicthe ó na cnámha
    Do chuid Fola uaisle reathuigh le fanaidh
    O is maith i d'aisling a Mhathair. Níl fear na mna a déarfas sin as gach tráigh ní baoghal do Ifreann agus tá Flaitheas Dé le fághail
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Giontaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Ceamharcaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    72