Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 112
  3. XML “Cábán an Aifrinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cábán An Aifrinn
    Tá Cábán an Aifrinn taobh thíos do teach a' Phobail i Baile Chruaidh, timcheall cuig cead slat taobh do láimhe chlé ag dul síos ar an bhothar go Beannachor duit ar talamh Micheál Ó Domhnaill.
    Sé an t-adhbhar a raibh an tAifreann ag Cábán an Aifrinn mar bhí muintir Baile Chruaic in a dhá leith ag troid ar feadh trí Domhnach déag agus ní tháinic leis an tsagart an tAifreann a ráidt ag an teach a' Phobail.
    'Sé an tadhbhar a bí leis an troid seo. Dubhairt fear le fear eile go raibh ceannaidhe ins an oidhche in a theach agus gur mharbhuigh sé é agus gur robáil sé é agus gur chuir sé ins an oidhche é.
    Chuaidh an fear go dtí an sagart agus d'innis sé an sgéal dó. Dubhairt an sagairt leis an fear seo a imteacht leis ar fud an domhain agus an ceannaidhe a fhághail agus a thabhairt go Baile Chruaich.
    D'imthigh an fear agus fuair sé an ceannaidhe agus thug sé go Baile Chruaich é. An céad Domhnach a tháinic bhí an ceannaidhe ag an Aifreann i mBaile Chruaic. Indiaidh an Aifrinn bhí an ceannaidhe ag siubhal síos agus suas anonn agus anall agus é ag ráidt níor mharbhuigh duine ar bith mé.
    Fuair Nell Níc Suibhne sin ó Mícheál Mac Ceamharcaigh (82) Tallacha, Baile Chruaich.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Mell Níc Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Ceamharcaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Talach, Co. Mhaigh Eo