Scoil: Caladh (C.) (uimhir rolla 8740)

Suíomh:
An Caladh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Bean Uí Éaráin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Leag na Fola

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0126, Leathanach 5

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá páirc mhór i gcoill Ó Naughton tuairim is trí míle go leith ó dheas as Béal Easa agus tuairim is ceithre míle go leith ó thuaidh as Béal na Muice. I bparáiste Cill Lasarach atá sí suidhte. Baineann an pháirc seo le Éamoin Mhic Gamhain anois acht fadó ba leis taoiseach darbh anim Ó Ruadhán i.

Bhí a lán beithidheach ag Ó Ruadhán. Theastuigh siad ó thaoiseach darbh ainm Ó Naughton. Níor mhaith le Ó Ruadhán iad do thabhairt dó agus bhí fearg ar Ó Naughton mar gheall ar sin. Chuir sé troid ar Ó Ruadhán. Troid mhór mhillteach a bhí ann.
Bhí inghean an naomhta ag Ó Ruadhán. Lasair an t-ainm a bhí uirrí. Fhad is a bhí an troid ar siubhal mharbhuigh sí ceann de na beithighidh. Nuair a fuair na beithidhigh eile boladh na fola thosuigheadar ag marbhadh a chéile agus ní fada go raibh siad uilig marbh. Annsin ní fhuair Ó Naughton na beithidhigh. Sin an fáth gur chuireadh an t-ainm sin Leag na Fola ar an áit sin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Eibhlín Nic Rághnaill
Inscne
baineann
Seoladh
Coill Ó Neachtain, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Séan Mac Rághnaill
Inscne
fireann
Seoladh
Coill Ó Neachtain, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge
Suíomh
Coill Ó Neachtain