Scoil: Caladh (C.) (uimhir rolla 8740)

Suíomh:
An Caladh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Bean Uí Éaráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0126, Leathanach 3

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0126, Leathanach 3

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh (C.)
  2. XML Leathanach 3
  3. XML “Scoil a Bhí i Mo Bhailese Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó, fadó ó shoin do bhí sean-sgoil ar theorainn mo baile-sa cúpla péirse suas ó chros-bhóthar Roinnbhric. Róches an t-ainm a bhí ar an sean-sgoil. Níl fhios agam cé'n fáth? Bhféidir gur Roche an chéad múinteoir a bhí sa sgoil sin. Bhí an sgoil sin suidhte i bparáiste Tuam Mór i gConndae Mhuigheó leath-bhealaigh idir Béal Easa agus Béal na Muice. Tuairim is céad blían ó shoin a bhí an sgoil sin ann.
    Sean sgioból a bhí mar sgoil acá agus tuighe mar dhian ar an sgioból. Leacracha a bhí mar urlár ins an sgioból sin. Ní raibh ach doras amháin ann. Bhí an sgioból gan similéar ar bith ann agus nuair d'fhosclóchaidís an doras bhiodhar préachta leis an bhfuacht agus nuair dhúnfadiís é bhídís plúchta le deatach. Bhí stóltaí beaga agus boscaí aca cun na sgoláirí do suidh ortha.
    Eoghan Nic an Ultaigh as Carrick a bhí 'ghá múindadh ins an sgoil sin. Comhnaidhe an múinteoir ins an sgoil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Dhúrcháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Uí Ghabhann, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Réap
    Inscne
    Baineann