Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)

Suíomh:
Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Oide sa chlochar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 178

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 178

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
  2. XML Leathanach 178
  3. XML “Seanscoil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Máire Una Nic Aodha, Rinn-Aine, Beal-Easa)
    Thall i mBoirthallach a bhí an sgoil fado. Teach díon a bhí ann, agus an braon anuas air. Geobhfaidis cocan agus luacra agus bheadh siad seachtmhain ag cúrtu scoilib no go cuirfidis díon suas. Caithfeadh siad dreiseoga a fhaghail annsin na h-oclocadh (?) na cearcai an díon anuas. Rachadh na sgolaire amach ar a dtorann ag faire cearcai na gcomharsain. Bheadh cupla maide fagtha ar clocha móra agus iad sinte leis an mballa agus shuidfeadh na páistí orra. Suidfeadh siad sgathamh cois claide ag leigheadh agus ag seinm. Leabhar leath pingne agus pingne a bhí aca, luach sgilling an leabhar is daoire a bhí aca. Shuidhfheadh an maighistir ar stól agus cúl air. Beadh priostal fataí ag na páistí agus iad rósta san teine; sin é an dinnéar a bhí acha; ní raibh tae ann fadó. Béarla a bhí siad ag muineadh; ní leigfheadh dóibh Gaedhilg a labhairt ins an sgoil. Bhuailfeadh an maighistir thú
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Úna Nic Aodha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Béal Easa, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ruadháin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann