Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)

Suíomh:
Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Oide sa chlochar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”
  4. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí mainistir i mBaile na h-Eaglaise i gCo Mhuigheó blianta ó shoin agus nuair do tháinig Cromail go h-Éirinn do mhilleadar an mhainistir agus do cuireadar na manaigh amach as. Bhaineadar. Bhaineadar san le órd Naomh Proinnsias.
    Do thóg Cromail agus a fir an an t-óir a bhí ins an mhainistir agus do chuireadar i bhfolach é ins an bpáirc in aice le Baile na h-Eaglaise. Blianta tar éis sin bhí fear ag romhar ins an bpáirc sin agus do tháinig sé ar cloch mhoir ach nuair a d'iarr sé an cloch a árdú ní raibh sé ábalta.
    Cúpla lá in a dhiaidh sin do fuair sé fear eile agus d'árduigheadar an cloch píosa beag agus chonnaiceadar bosca faoin g cloch. Thugadar a lán iarracht í d'árdú ar fad ach theip orra. Bhí orra éirighe as an obair sa deire.
    Ní bhfuair aoinne an ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Martíne Ní Barún
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo