Scoil: Tomghéis (uimhir rolla 9239/9277)
- Suíomh:
- Tuaim Dheise, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. Ó Casaide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tomghéis
- XML Leathanach 133
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“D'eírigh mé fún ar maidin go moch,”
D’éirigh mé féin ar mhaidin go moch,
I bhfad amach ins an bhFóghmair,
Cé casadh mé acht aingeal agus
Í i n-a córadh. { córadh?
Bhí síoda geal agus dearg uirri
Agus a dá phliuc mar na rosaí
Dá bhféad a tháin’ mé leithí { da bféad = dá fhad, tháinig
Níor dubhairt sí “bí i do chómhnuidhe.
Is trofadóir mé agus is maith mo chuid síl { treabhadóir
Agus tá sin ag mo mháighistir. { tá sin = tá fhios[?} sin
Is iomda talamh a threáb mé aríamh,
Nár bhain sé caoí ’mo shláinte
Bhain in féar ar taobh an chnuic { + Ni dhearna aon obair aon dochar do n-a sláinte
Dhéininn cnuaic agus stáca
Agus dhamhsuigheann ríl le grádh mo chroidhe,
Ar thaobh Carraig na Báinne.Nóta — bfhéidir go bhfuil an amhrán seo fé chló cheana, agus is féidir nach bhfuil. Shil mé gur cheart é chur isteach.Fuair mé ó Máire Ní Nádharaigh é.
Fuair sí ó n-a sean-mathar é.- Bailitheoir
- Micheál Ó Casidí
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Nádhairaigh
- Inscne
- Baineann