Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)

Suíomh:
Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Casaide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0121, Leathanach 408

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0121, Leathanach 408

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-chluain (B.)
  2. XML Leathanach 408
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Tráthnóinín deireannach Dia Luain is e a' báisteach

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá mac rí Shéamuis a' teacht dá h-éalú
    Agus Prions o' Wales as an nGearmáin
    Tá flíot ar fairrge is tá soighthigh seóla
    Is tá an t-ádh go deo ar mo Nóra Bhán
    Acht thárla ag imtheacht thú ar choimrige Dé dhuit
    Is go dtugaidh Dia slán thú thar muir gan bádh
    Is pé brí fear óg a bhfuil do phóg i ndán dó
    Ní baoghalach bás dó ná galra dubh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Éistigidh liom-sa go n-úsáidh mé scéal díobh

    Éigtigidh liom-sa go n-úsaidh mé scéal díobh (=inseoidh)
    Ar ogmhnaoi in Éirinn do réir teastas m'eólais
    Shiubhalfadh sí an bóthar mar a shiulbhalfadh an dtrúcht
    Agus chasfadh sí greoite le fuaim neart a méara
    Is bréaghtha í na Dído crann soillse na Spáinne
    Tá na soillse --
    Na' Bainríoghain de Maidhró cé go b'árd chu' a cháil
    Na' Fúró, Áróro, Diana is Bhénus
    Is na grásta go bhfághmuid murar sháruigh sí an méid
    Is gift í ó Chríost dhon té a bhfuil sí i ndán dó.
    Ní míne giota síoda na' crobh a dhá láimh
    Tá'n ghile is tá an finne bháin taithne dá chéile
    Is tá do Rós - Béilín meala chuir smais ar an méid.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padhraic Ó Ceannabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 55
    Gairm bheatha
    Fíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cnoc, Co. na Gaillimhe