Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)

Suíomh:
Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Casaide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0121, Leathanach 407

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0121, Leathanach 407

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-chluain (B.)
  2. XML Leathanach 407
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    I gCaisleán a Bharraigh a chodail mé aréir

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cuirfidh mise cóta uirrí do dhath ghlas an fhraoigh
    Béidh mé a' rinnce ar na bóithríní
    le stóirín mo chroidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Tráthnóinín deireannach Dia Luain is e a' báisteach

    Tráthnóinín deireannach Dia liom is é a' báisteach
    Casadh tigh Sheáin mé is súid mé síos (ag airneán?)
    Dhearc mé an ainnir ins a' glúid taobh thall dhíom
    Ba deise gáire agus leagan súl
    Gruadh ba deirge ná an chaor chaorthainn
    Ba gile mhín í ná an eala ar snámh
    Ach nuair a lean mé an seanchas nó cé d'ar díobh
    Gur le Frainc Conghaolach an cailín bán
    Dho réir mo thuairim bhí sí tóigthe
    Agus fuair sí eolas ar leabhar is ar pheann
    Bhí máighistir acab sa teach i gcomhnuidhe
    Agus neart dhon ór buidhe go fairsing ann
    Nach é an truaigh an spéir-bhean bheith ar thamhnach sléibhe
    'Leabhaidh bheith gléasta le síoda bán
    Nuair a sgairteanns an ghrian ar a brollach gléigeal
    Go bhfágann na céadta fear bás le grádh.
    Dhá mbeitheá dhá chéad uair agam
    Agus mé bheith gan pósadh
    Agus bheith go h-óg leat, a Nóra Bhán
    Threabhfainn cnuic agus ghreadfainn bóithre
    Agus bhéim i gcóiste leat, a Nóra Bhán.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padhraic Ó Ceannabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 55
    Gairm bheatha
    Fíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cnoc, Co. na Gaillimhe