School: Breac-chluain (B.) (roll number 13389)

Location:
Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Seán Ó Casaide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0121, Page 398

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0121, Page 398

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-chluain (B.)
  2. XML Page 398
  3. XML “Amhrán Mhachaire Bhuí”
  4. XML “Scéal Dá Chuid Féin i dtaobh na Sióga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Annsin bhain Diolún an talamh arís as na Braonánaigh.
    Deir Doimnic go dtáinig na Braonánaigh seo ón Tuaisceart.
    Nuair a bhí sé fhéin in a ghasúr óg ní raibh ach Gaedhilg ag na daoine go léir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí mé oidche ag bleaghan na bó agus bhí mé a' tigeacht abhaile agus canna bainne liom, agus me a suibhal in aice na leasa. Bhí gearóideach [?] agus bhí sé as a chéill agus casadh liom é ar an mbóthar. D'iarr sé deoch bainne orm. 'An tusa Doimnic'? ar seisean. 'Is mé'. A' dtiubhriad deoch bainne dom. "Seo dhuit agus fáilte. Ól do sháith. 'Bail ó Dhia ar na ba' ar seisean agus d'imigh sé. Nuair a tháinig mé fhaid le droichead cobhthaigh níor fhéad mé mo bhealach a dhéanamh isteach 'na bhaile gur casadh na póitirí liom a bhí ag ól thoir i dteach Philip agus chuir siad ar an mbóthar mé. Tháinig mé trí fhichid slat agus níor fhéad mé mo bhealach a fháil níos fuide. Faoi dheireadh bhain mé dhíom mo jaicéad agus tionntuigh mé amach é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Doimnic Ó Rodaigh
    Gender
    Male
    Age
    90
    Address
    An Machaire Buí, Co. Mhaigh Eo