Scoil: Leath-cheathrú (uimhir rolla 13437)
- Suíomh:
- An Leithcheathrú, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Ó Maidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní féidir eolas deimhnightheach a fhághail anois ar an gchaoi chuir daoine futha annseo acht is soiléar go raibh daoin annseo go luath i stair na tíre seo.
(i) Tá tagairt dón cheanntar seo sa stair chomh fada siar le sgéal na Tána. Nuair d'fhág Fergus Mach Riogh Dún Chonchubhair rinne sé ar Cruachan i gConnacht agus tá sé raidhte nár fhán sé i gCruachan acht seal gairid nuair cuireadh siar é le Dún Ailill Fhionn d'iomsaidhe. Tá rian an Dúin seo le feicéal dhá mhíle ar an taobh thiar theas de Bhelach an Doirín. 'Sé an t-ainm atá ar an áit anois nó Caisil Mór. Bhí an talamh go maith san áit agus nuair a tháinic Clann Coisdealbhtha go dtí an ceantar is san áit chéadna thóg siad Caisleán. Nilimid acht seacht mile siar ó'n áit agus is dócha go raibh sealgairí ar a luighead sa gceanntar.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Maidín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)