Scoil: Tón Ruadh (uimhir rolla 12809)
- Suíomh:
- An Tóin Rua, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máirtín Ó Giobaláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tón Ruadh
- XML Leathanach 59
- XML “Drochaimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ghníonn storm mór a lán dochair do gach duine agus do gach rud. Is minic a chuala mé mo shean mháthair a rádh go leór rud fá an storm mór.
Thárla an storm mór sin i mí na Márta i mblíadhain a h-ocht déag tríochadh is a naoí. Rinne sé a lán dochair do gach duine. Do sheas sé timcheall ceathramhadh uaire. Do rinne sé damáiste do tighthibh agus do leag sé stábla na mbeithidheach thart timcheall gach tíghe. Na báid a bhí amuigh ar an bhfairrge cailleadh íad agus na daoiní a bhí ionnta cailleadh íad freisin. Nuair a bhí an storm thart ní raibh ach cúpla crann fágtha i ngach coill thart timcheall na h-áite. Bhí an gaoth cómh láidir sin is do leag sé beagnach gach crann i ngach coill. Níor cailleadh duine ar bith san storm sin timcheall na h-áite seo.
Is minic a chuala mo shean mháthair a rádh go leór rud fá storm a bhí cúpla blíadhain ina dhíaidh sin. Bhí an storm sin beagnach cómh mór leis an storm a bhí i mblíadhain a hocht déag tríochadh ’is a naoi agus rinne sé níos mó dochair. Do sheas sé timcheall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Searraigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an tSeadaire, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Edward Connor
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Farmer (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an tSeadaire, Co. Mhaigh Eo