Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 105
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Liosanna Tá lios ingar dom agus níl áit i bfoisgeacht
fiche míle uaidh níos uaignighe na é.Ta claidhe thart timcheall air agus ar an dtaobh istigh de'n chlaidhe tá banc cré.I gcoirnéal na páirce tá cloch mhór agus cros gearrtha air. Nuair a bí an tír seo creachta leis na danair bí cath eatorra fein agus na h- Éireannaigh. Marbhuigeadh a lán danaoir agus chuir a gcomradaí fa'n gcloch iad agus gearr siad an cros ar an gcloch. Bionn fairtchíos mhór ar dhaoine a dhul thar an lios seo i ar na h-oidhche mar cúpla bliadhain ó shion bhí buachaillí ag fiadhac ar choiníní i meadhon oidhche agus chas sluaigh marcuigh leo ag an ngeata. Ta bearna mhór sa chlaidhe agus fadó bhí teach annsin agus bean agus a h-inghín ina gcómhnaide ann. Bhí an cailín ag sgaradh aoiligh lá san lios agus tháinig sineán mór. Seideadh chuig troigh déag san aer í agus thuit sí ar a caol a droma ar an talamh. Gortuigheadh chomh mór sin í nach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sighle Ní Threinnseach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Marcus Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo