Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 052
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine Cáileamhail.San t-sean aimsir bhíod na daoine i bfadh níos láidhire go mhór mhór na fir na mar mar [!] atáid i lathair na h-úaire.
Is iomdha gniomh cáileamhail a rinneadhar le linn a saoghal níl na daoine leat chomh maith anois na mar bhíodar san am sin.
Bliadhanta ó shóin bhí beirt fhear ag clamp[ar] agus is beag nach raibh sé in a throid eatorr[a] fé chloic mhóir do bhí i gCill Tullach.
Dubhairt duine aca go gcaitfeadh sé an chloc níos fúide na an (daoine) duine eile agus is mar siúd do bhíodar ar feadh leat úaire.
Annsin d'éirigh duine aca fearagach agus thóg sé an chloc suas in a láimh dheis agus d'árdhu[igh] sé é gur chait sé chomh fada bhfeidheir leis agus cár thuit sé act i lár pháirc mhór i Liosdubh.
Tá an chloc sin ann fós agus béidh sé a[nn(?)] mar ní n-iompróchad dár éig i lathair na h-úaire é tá sé chomh trom laidhir sin.- Bailitheoir
- Sighle Ní Mhainnín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Bhaldraithe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Gabha (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)