Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 045
- XML “An Táilliúir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tailliúr.Fado bí táilliúr ann darbh ainm Micilín agus bhí sé go beo bocht.
Oidhche amháin bhí culaith éadaigh lé gearradh aighe agus níor chuaidh sé in-a chodhladh go raibh an obair críochnuighthe aige - agus bhí sé go mall.
An maidin dar gcionn déirigh sé go moch leis na gculaith éadaigh a dheanamh agus bhí iongantas air nuair chonnaic sé go raibh síad deanta agus deanta go maith. Bhí sé ag smaoineadh annsin cé h-iad na daoine a rinneadh iad.
An oidhche in-a dhiadh sin do rínne sé an rud céadhna agus bhíodar deanta ar maidin nuair d'éirigh sé.
Lean sé mar sin go ceann seachtmhaine agus oidhche amháin d'fhán sé anúas agus chuaidh sé fán mbord
Nuair bhí se ar a dóidhéag thainig na sídheóga anúas an simléar agus thosuigheadar ag obair ar a ndicheall.
Nuair bhí an obair críochnuighthe aca chuadhar súas an símléar aris. Bhí athas air nuair bhí fhios aige cé h-íad na daoine a bhí ag deanamh an obair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghothraidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ruadháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo