Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 041
- XML “Comharthaí ar an Aimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bionn fhios ag na daoine ce'n sort aimsire a bhíos ag tigheacht de réir cosamlachta na spéire.Chloisfeá na daoine agus iad ag sabháil féir aradh "Brostuigh orraibh agus beidh sé sábháilte againn sul ar thiocas an fhearthainn. Ta neallta dubtha sa speár."Nuair bhíos dath dearg ar an spéir ins an iarthar is éol do dhaoine go mbeidh stoirm ann.
Nuair bhíos bogha baistighe sa spéir ar maidin beidh la fliuch ann. Tá rann ann mar leanas:-"Bogha ceatha ar maidin sé comhairle do mhadr é agus bogha baistighe san trathnóna 'sé aoibhneas do'n mhadr é."Acht dubhairt m'athair liom gur droch-chosamhlacht é bogha baistighe fheiceál am ar bith de'n lá.
Nuair bhíos na fáinleóga ag eiteall go h-árd sa speir is comhartha maith é. Nuair fheiceas na daoine an cataí fhada ag siubhal cois na h-abhann is éol doibh go dtiocaidh an bháisteach.Nuair bhíos fáinne thart ar an geallaigh bheidh bhaisteach ann i rith na h-oidhche. Nuair bhíos a criogáin ag tabhairt troibloide dó dhuine is comhartha báistighe é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sighle Ní Threinnseach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo