Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 038
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit-Ainmneacha.San t-sean aimsir bhíod ainm ar gach pháirc is portach agus sruthán san bhpáraiste agus do ghlaodach na daoine a ainm féin do gach áit agus maireann cuidh de na h-ainmneacha ar fud na tíre go fóill.
Tá ainmneacha deasa ar chuid de na páirceanna i mbhaile sagainne agus is seo cuidh díobhta.
Tá páirc agus tughtar an lochán air mar tá loch beag suidhthe in a lár agus bíonn uisge ann ó cheann ceann na bliadna agus is úaiseadach an rud é do beithidhigh.
Tá ceann eile ar a dtughtar Cnoch an Mhuileann mar na céadta bliadhain ó shoín bhí mhuileann arbhair ag bun na chnuic, tá sruthán ag rit anuas an cnuch agus deirthear gurbh é an sruthán sin a chas agus a d'oibruigh an muileann sin fadó.
Tá gort ar chul mo thige agus seo é an t-ainm a thughas muinntir an bhaile uirrí, Gort Dubh mar tá créafóg dubh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Mhainnín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Lios Dubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Breannáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40