Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)

Suíomh:
An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán de Crúis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Log Buidhe
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “Buidéal Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Buideál Draoidheachta
    Bliadhanta ó shion bhí fear agus a bhean in a ccomhnaide míle ó'n áit seo agus bhíodar chomh bocht le luicín reilge. Ní raibh pingin sa teach aca bhí orra an cíos díoc.
    Bhí bó ámhain aca agus socruigheadar an bó do dhíol agus an cíos d'íoc leis an luach a gheobhfadh sé uirri.
    D'éirigh sé go moch an maidin dar gcionn agus chuaidh sé chuig an aonach. Ar a bhealach do chonnaic sé Lasair ar thaobh an bhóthair agus shiubhal sé suas chuige. Céard bhí ann ach sean bhean.
    Labhair sé leithe agus labhair sise leis. D'fhaifruigh sí dhe cá raibh sé ag dul agus d'innis sé a sgéal di ó thuas go deiridh.
    Beárfaidh mé beirfidh mise buideal duit uirrí agus aon uair a deiras tú na foclaí seo tiocfaidh aon rud is mian leat amach as.
    Thug sé an bó di agus fuair sé an buideál agus chuaidh sé abhaile go sona sásta leis an luach a bhfuair sé.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Eoghain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Brian Mac Guidhir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo