Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Rusgaigh (2) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

i Sasana ag saothrú a choda.

6. Ceanglaítear craiceann eascon ar chaol na láimhe ar dhuine a mbíonn trálach (nó tálach) ag gabháil de – sin at a thagann ar an gcuid sin den lámh ó iomarca oibre nó cleachtaithe.
7. Má bhíonn tinneas cinn ar dhuine is féidir le daoine áirithe a leigheas le ceann an duine bhreoite a thomhas agus paidreacha áirithe a rá le linn an obair sin a dhéanamh.
8. Deirtear go bhfuil leigheas ag páiste a rugadh tar éis bhás a athar don ghalar sin ar a dtugtar ‘borrphéist’ ach a lámh a fhágáil ar an mball tinn.
9. Creidtear go bhfuil leigheas dá lán galracha ag an seachtú mac sa gclann.

1. Deirtear nach ceart do dhuine ar bith a chuid gruaige a bhearradh (.i. a ghearradh) le linn an Charghais.

2. Is ceart tine chnámh a lasadh in gach sráidbhaile Oíche Shin Seáin – an 23ú oíche de mhí Mheithimh. Is cóir do dhuine ar a laghad

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge