School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rusgaigh (2)
- XML Page 171
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Creideann a lán san áit seo go bhfuil leigheas don ghalar marfach sin, cancer [.i. ailse], le fáil as subh an chaisearbháin.2. Má bhíonn triuch ar leanbh is cóir bainne a thabhairt do fhiréad le n-ól agus an chuid den bhainne a fhágann sé a thabhairt don leanbh breoite. Leigheasfaidh an rud seo é a deirtear.3. Má chraitear gairleog nó oiniún gearrtha in áit ar bith sa teach coinneoidh siad galar ón teach, meastar.4. Tá leigheas do sprain i snáth fíodóra a deirtear.5. Creidtear san áit seo go bhfuil leigheas i bhfuil duine ar bith den sloinne Creithin do bholscóid mhór a dtugtar ‘an Rós’ air. Ní bréag ar bith é seo, mar tá aithne agam féin ar fhear a raibh an éalang seo air agus a fuair leigheas ó bhraon fola as duine de mhuintir Chreithin i gCluain Mór – trí mhíle slí ón scoil seo. Seán Ó Flaitile, comharsa bhéal dorais liom, an fear a leigheasadh, agus tá sé faoi láthair(continues on next page)