Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rusgaigh (2)
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Pisreoga a Bhaineas le Baisteadh agus Leanbh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sin iad, deirtear go bhfásfaidh an leanbh suas ina ghadaí.
    4. Ní ceart ligint do leanbh féachaint sa scáthán go mbíonn sé thar bhliain d’aois.
    5. Má bhíonn ar an máthair dul amach as an teach agus a leanbh a fhágáil leis féin, is cóir di an tlú a chur trasna an chliabháin ar eagla go mbéarfadh na sióga an leanbh leo ar bheith amuigh don mháthair.
    6. Ní ceart an leanbh is sine a chur i gcliabhán nua. Gheibhtear ceann ar iasacht don leanbh seo.
    7. Is ceart airgead a chur i nglac linbh an chéad uair a chítear é. Má bheireann sé greim ar an airgead deirtear gur comhartha é seo go bhfásfaidh an leanbh suas ina dhuine breá láidir, ach má ligeann sé as a lámh an t-airgead deirtear go mbeidh an leanbh leice lag agus go bhfaighidh sé bás agus é óg.
    8. Má thagann tinneas obann ar leanbh óg agus go dtosnaíonn sé ag dul i meath is ceart poll a thochailt san urlár faoin gcliabhán agus cearc bheo a chur síos sa bpoll. Sásóidh an chearc na sióga agus ní thabharfaidh siad an leanbh leo, a deirtear.
    9. Is ceart do bhean an tí ubh a thabhairt mar fhéirín do pháiste an chéad uair a thagann an páiste ar cuairt chuici.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. breith (~49)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chorraidhe
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)