Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rusgaigh (2)
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Seanfhocla agus an Bhrí atá leo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a fhios aige go mbeidh sé ag a cheann scríbe tar éis tréimhse áirithe má théann sé ar an mbóthar mór, ach má thógann sé an t-aicearra ní heol dó ach go rachaidh sé amú agus nach mbainfidh sé a cheann scríbe amach ar chor ar bith.
    119. Giorraíonn beirt bóthar. Ní mhothaíonn tú aistear fada má bhíonn duine in éineacht leat mar cuireann an chaint is an comhrá an aimsir thart.
    120. An timpeall chun na reilige agus an cóngar chun an Aifrinn. Deirtear gur ceart an bealach is faide a thógáil nuair a bhítear ag dul le corp chun na reilige agus gurb í an tslí ghearr nó an t-aicearra is fearr nuair a bhítear ag dul ar an Aifreann.
    121. I dtús na haicíde is fusa í a leigheas. Nuair a thosaíonn caitheamh agus meath ag teacht sa duine nó sa rud sin é an t-am le stad a chur leis.
    122. Breitheamh ceart comhthrom an t-éag. Ní dhéanann an bás idirdhealú idir dhaoine mar nuair a thagann sé scuabann sé leis olc agus maith, óg agus aosta, bocht agus saibhir. Ní ligeann sé aon ní saor óna ghreim.
    123. Ciall agus míchiall dís nach ngabhann le chéile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge