Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é críochnú.
88. Is geal leis an bpréachán a éinín féin.
Is dóigh le gach duine gur deise agus gur fearr a dhaoine féin ná aon dream eile.
89. An t-é chuireas san Earrach bainfidh sé sa bhFoghmhar
An duine a thuilleas agus a choigileas béidh rud aige nuair a bhéas sé ag teastáil uaidh.
90. Is minic a ghearr duine slat a bhuail é féin.
Is minic a rinne duine gníomh a rinne dochar dó féin.
91. An t-uan ag múineadh méidhligh do'n chaoraigh.
An óige ag iarraidh comhairle a thabhairt do'n aois.
92. Nuair is cruaidh do'n chailligh caithfidh sí rith.
Ní maith le daoine rudaí áirithe do dhéanamh ach déanann siad iad nuair is léir dóibh nach bhfuil aon dul as.
93. Is deacair toghadh idir dhá ghabhar dalla.
Nuair a bhíos dhá rud dá gcur i gcomórtas agus rud aca comh dona leis an rud eile deirtear é seo.
94. "Marbh ag an tae agus marbh gan é" - sin adubhairt an t-seanbhean.
95. "Is fearr rith maith ná droch-sheasamh."
Dubhairt an cladhaire é sin nuair rith sé ó'n gcath.
96. Gach dalta mar oiltear 's an lacha ar an uisge.
An múineadh a gheibheas an duine agus é in a(leanann ar an chéad leathanach eile)