Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go Caiseal Mumhan’ nuair a bhí deireadh leis an éirí amach sin. Chuir an Tiarna Mountjoy an gorta ar Chúige Uladh sa tslí chéanna nuair a ghluais sé ó thuaidh in aghaidh an Niallaigh, agus bhain Cromail feidhm as an tseift chéanna nuair a tháinig sé anall ó Shasana sa seachtú haois déag. Thriall a chuid saighdiúirí ar fud na tíre agus speal agus Bíobla ag gach duine acu, ag milleadh arbhar na ‘bPápaithe’ i gcaoi is go mbrisfí spiorad na nGael leis an ocras agus an anró.
Idir na blianta 1726 agus 1740 bhí gorta go minic in áiteacha áirithe sa tír seo, ach ní de bharr loic obann a theacht ar na barraí a tháinig an gorta uair ar bith díobh sin.
Faoin am seo ar a bhfuilim ag trácht is í an mhin choirce an bia is mó a bhí ag muintir na tíre seo. Dhéanaidís brochán nó leite de agus d’ólaidís bainne leis. I ndeireadh an séú haois déag thug Sir Walter Raleigh an fata go hÉirinn ó Virginia, ach níor cuireadh an barra sin ach anseo is ansiúd go ceann i bhfad. Is féidir a rá nár thosaigh muintir na hÉireann ag cur is ag ithe na bhfataí go forleathan go dtí tús an ochtú haois déag.(leanann ar an chéad leathanach eile)