Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Rusgaigh (2) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

134.
An Gorta Mór (1845- '47)
Ó thús na staire tá cur síos anois is arís ar gorta ag teacht ar mhuinntir na tíre seo, agus is dócha gurb' amhlaidh an sgéal ag gach tír eiile é. An chéad chúntas faoi ghorta in Eirinn baineann sé le ré na nDanar. Do mhill agus do scrios na barbaraidhthe seo rompa- daoine, barraí agus beithidigh agus b'é sin ba chúis leis an ngorta agus an ganntanas an uair sin.
Obair d'én t-sórt sin freisin ba chionn-tsiocair leis an ngorta mór a tháinig ar an tír seo le linn gabála an Bhrúsaigh sa gceathrú aois déag.
Bhí an Mhumha in ann-chaoi le gorta is galar in aimsir Cirghe Amach na nGearaltach, sa séamhadh aoid déag, nuair a rinne an Tighearna Grey sléacht agus sgrios ar dhaoine ar bharraí agus ar ainmhidhthe. Milleadh an biadh d'aon ghnó i dtreo's go gceannsóchadh an t-ocras na méirlig, agus gan aon amhras, b'éifeachtach an t-seift í, mar deireann stáiridhe áirithe, 'Ní raibh glór duine nó géimneach bó le cloisteál ó Chiarraighe.