Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rusgaigh (2)
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Tiarnaí Talún, Tionóntí agus Díshealbhú sa gCeantar Seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gearr ó Clár-Chloinne-Mhuiris. Níl aoinne san áit anois agus tá fothracha an tighe mar ionad comhnuidhthe ag "éanlaith an aeir" anois. Bhí Isadór ana-dian ar fad ar na tionóintí agus is iomdha milleadh agus marbhú a rinne sé ortha, ach is dócha nár mheasa é féin ná a chomh-bhráithre ins gach cuid eile de'n tír. Bhí an dearg-ghraín ag na Fínghiní air agus deirtear gurbh' iad a chuir críoch leis. Bhí Isadór agus a thiománuidhe ag filleadh abhaile ó Ghaillimh in a gcóiste, oidhche amháin agus lámhadh an bheirt aca achar gearr ó Mhuirnín. Bhí eastát eile ag Isadóir in aice le cathair na Gaillimhe.
    Thart ar bhaile mór Ball Áluinn bhí eastát breágh eile ag Sir Robert Lynch Blosse. An t-Árus-comhnudhthe breágh a bhí aige tá sé in a clochar anois ag mnáibh riaghalta d'Ord Lúghbhaidh Naomhtha agus tá scoil-chomhnuidhthe do chailíní aca ann. Do réir sgéala tíoránach do b'eadh Sir Robert agus do ghearradh sé cíosanna móra ar na tionóintí agus is iomdha clann a cuireadh as seilbh le na linn, ach d'aimdheóin é sin rinne Sir Robert cionn-fir dá chuid tionóintí i rith Gorta Mhór na mblian 1845-1847. Chuir sé féin agus Lord Sligo agus George Henry Moore £10,000 le chéile agus thugadar locht mine-buidhe isteach sa tír agus dhíoladar le na daoine bochta í ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge