Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa mbaile mór is mó a bhíonn an t-aonach ar siúl, ach anois is arís cloistear faoi áiteacha faoin tuath a mbíonn aonach iontu. Bhí aonach sa sráidbhaile anseo againn – i gCnoc Mhuire – tuairim daichead bliain ó shin. Sa bpáirc sin atá idir teach Uí Ghruagáin agus teach Uí Éanacháin a bhíodh an t-aonach bailithe, agus ní thugtar ar an bpáirc seo fós ach ‘Páirc an Aonaigh’. Is le Séamas Ó hÉanacháin an pháirc sin anois, ach fear darbh ainm Tomás Ó Corraí a bhí i seilbh na feirme sin in aimsir an aonaigh. Beithígh – ba, laonna agus caoirigh – agus muca a dhíoltaí ar an aonach sin. Bhíodh aonach na mbeithíoch ann lá amháin agus lá eile bhíodh aonach na muc ann, mar a bhíonn fós i roinnt mhaith áiteacha. Uair sa mí a thionóiltí an t-aonach. Ní raibh aonach do chapaill ar chor bith, mar is beag capall a chothaítí sa gceantar seo daichead nó caoga bliain ó shin de bhrí nach raibh ach feirmeacha beaga ag formhór na ndaoine. Éinne a mbeadh capall dá chuid féin aige mheastaí gurbh fhear saibhir – fear(leanann ar an chéad leathanach eile)