Scoil: Gort Sceithe (uimhir rolla 13062)
- Suíomh:
- Gort Sceithí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mactíre a bhí ann ritheadar i bhfolach ins gach aon áit. Chuaidh ceann aca isteach san gclog, chuaidh ceann eile san mbosca, ceann eile sa mbuicéad, ceann faoi'n mbord agus an ceann deireadh taobh thiar de'n dorais.
Ach mo léan fuair an mactíre gach ceann aca acht an ceann a bhí san gclog, agus d'ith sé iad.
Nuair a tháinig an gabhar abhaile d'innis an gabhar óg an scéal go léir dí. Fuair sise an siosúr agus snáthad agus chuaid sí ar lorg an mactíre. Fuair sí é san gcoill agus é in a chodladh. Ghearr sí a bholg agus do léim na mionnáin amach. Chuir sí clocha isteach san mactíre agus dhún sí an gearradh arís leis an snáth agus snáthad.
Annsin tháinig an gabhar abhaile agus na mionnáin léi, iad uilig go sásta. Nuair do dhúisigh an mactíre chuaidh sé le deoch d'fhagháil acht thuit sé isteach san abhainn.- Bailitheoir
- Tomás Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sceach na Gaoithe, Co. Mhaigh Eo