Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Loch Measca | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 333

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí beirt fhear ar a laetha saoire ar Oileán na Caillighe i Loch Measga. As Sasana do b'eadh iad. Chuaidheadar amach le fear as an áit seo lá amháin ag iascaireacht. D'eirigh stoirm mór ar an loch agus bhí an bád ag luasgadh anonn is anall ar na tonntracha móra ar nós faoileán.
Bhí faitchios an domhain ar na Sasanaigh. Dubhairt an bádóir leo go raibh aithne aige ar gach carraig i Loch Measga.
Niorbh fhada gur caitheadh an bád suas ar charraig.
Dubhairt duine de's na Sasanaigh "Ceap mé gur dhubhairt tú go raibh aithne agat ar gach carraig ins an loch" leis
"Tá leis" ars an fear, "sin ceann aca aníos".

Bailitheoir
Siún Ní Dálaigh
Inscne
baineann
Seoladh
Cnoc na Muclach, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Peig de Búrca
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
20
Seoladh
Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge

Scéal
Aon uair amháin chuaidh fear as an gceanntear seo go sagart paroiste san Néil i gcomhair leitre iomchair. Meisgeóir a bhi ann.
Dubhairt an sagart leis nach bhfeadfadh sé litir a thabhairt dó.
Ansinn dubhairt an fear.
"An bhfaca tú mé ariamh ag goid aon rud?"
"Ní fhaca mé," ars an sagart.
"Bhuel nach féidir leat é sin a chuir síos" ars an fear.