Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 330
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)A Bhríghid! A Mhuire na nGaedheal
A Bhríghid! leathnuigh tharm do Bhrat
A's congbhuigh faoi do thearmarm mé
Go bhfághaim bás i gcáirdeas Dé.
ÉÍST AN t-AIFREANNÉist Aifreann an Domhnaigh go díl
Is milse é na mil do cách
D'eagla nach mháirfeá Dia Luain
A's nach bhfuightheá a luach go bráth.
AG COIGILT NA TEINEADHCoiglim an teine seo
Mar choigil Críost cách
Muire ag dhá cheann an tighe
Agus Bríghid in a lár
Na trí Aingle is cumhacht
I gCúirt na nGrás
Ag cosaint agus ag cúmhdach
Lucht an tighe seo go lá.- Bailitheoir
- Treasa de Búrca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Peig de Búrca
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo