Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Paidreacha

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 329

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

AG ÉIRGHE DHUIT

Éirighim suas le Dia
Go n-éirighidh Dia liom.
Lámh De in mo thimcheall
Ag suidhe agus ag luighe
'S ag éirghe dom
Go raibh ainm Íosa
Go daingean scríobhtha
I lár mo chroidhe-se
A Mhuire, a Mháthair Íosa
Go raibh Íosa agam-sa,
Agus mise ag Íosa.

Ceangail grádha go raibh eadrainn go bráth gan scaoileadh.
Ámén

* * *

A Mhuire, a Bhríghid, as a Íosep chóir.
Cuidigidh liom roimh Dia na nglóire.
Im shuidhe, im luighe, san oidhche, san ló,
Go mairidh mé ionnaibh choidhche agus go deo.
(ar lean.)

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Treasa de Búrca
Inscne
baineann
Seoladh
Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Peig de Búrca
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
20
Seoladh
Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge