Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Measca
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “Aitheantas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Suim blianta ó shoin bhí tinncéir 'n a chomhnuidhe i gCunga. Ní raibh aon obair le fagháil aige agus mar gheall ar seo, bhí sé an-bhocht ar fad. Fé dheire thiar thall bhí air dul go dtí áit eile. Chuaidh sé go Baile-an-Róba agus i gceann tamaill bhí obair go leor aige, acht bhí aon rud amháin ag cur trioblóide air. Ní raibh aithne aige ar aon duine sa mbaile.
    Aon lá amháin ag spaisteóireacht na sráide dhó, cé chífeadh sé acht tinncéir eile. Tháinig áthas a chroidhe air. Do stad siad agus bhí siad ag cainnt ar feadh tamaill. Chasaidís ar a chéile gach aon lá as sin amach. Aon lá amháin bhí sagart agus dochtúir ag dul síos an tsráid agus nuair chonnaich an sagart an beirt tinncéar ag cainnt dubhairt sé "Aithnigeann ciaróg ciaróg eile."

    Peig Ní Laighnighe, Cill-Lobhair
    ó Mháirtín Ó Geanáin, Druim Síghle, Cunga
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peig Ní Laighnighe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Odhar, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Geanáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    87
    Seoladh
    Droim Síl Íochtarach, Co. Mhaigh Eo