Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 315

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Measca
  2. XML Leathanach 315
  3. XML “Comhairleacha an Éin”
  4. XML “Rann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear do bhí ag gabháil an bóthar, do rug sé ar éan.
    Dubhairt an t-éan leis. " Má thugann tú cead mo chos dom bhéárfaidh mé trí comhairle dhuit. agus bhéárfaidh mé ubh óir agus ubh airgid duit ".
    " Má dhéineann tú sin, " ars an fear, " béarfaidh mé cead do chos duit, " agus thug.
    Shuidh an t-éan ar ghéig chrainn ós a choinne.
    Do bhí sé neamh-spleadhach annsin agus thug sé na cómhairleacha seo do'n bhfear.
    1) " Nuair a chloisfidh tú scéal mór iongantach, ná creid é;
    2) Is fearr éan i d'dhorn ná dhá éan ar an gcraoibh;
    3) Bíodh rud agat féin nó bí gan é. "
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Imtheóchaidh a dtiocfaidh is a dtáinig riamh,
    Imtheóchaidh an seanóir is cháil n-a dhiaidh,
    Imtheóchaidh an fhuiseóg is áilne ar sliabh
    Acht ní imtheóchaidh na grásta go bráth ó Dhia.

    Máire C. Ní Cháthasaigh
    Craobhach
    Cunga

    Máirtín Ó Gionnáin (87)
    Druim Síghle
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chathasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Gionnáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    87
    Seoladh
    Droim Síl Íochtarach, Co. Mhaigh Eo