Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Aimsir Chromail 1649

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Nuair a tháinig Cromall go hÉirinn rinne sé féin agus a shaighdiúirí scrios mór ar na daoine in Éirinn. Chuir sé arm go Cunga agus chuireadar futha ann. Bhí teach deas in aice ha h-abhann agus do thóg captaoin an airm dó féin é. Annsin tháinig a bhean agus a mhac agus bhí an triúr aca in a gcómhnuidhe ann.
Lá dá ndeachaidh an captaoin agus a bhean amach ag iascaireacht d'fhagadar an mac óg leis an mbanáltra ar bhruac an locha. Bhí an captaoin agus a bhean mí-fhoighdeach mar ní raibh iasc ar bith ag teacht ar an dubhán. Fé dheire thiar thall cheapadar go raibh iasc ann, agus tharraing siad isteach é.
Céard a bheadh ag bun na doruighe acht a mac féin agus é báidhte. Dubhairt na daoine gur breitheamhnas ó Dia é seo mar gheall ar chomh cruaidh is a bhíodar ar na Manaigh i gCunga.

Bailitheoir
Áine de Brún
Inscne
baineann
Seoladh
Cnoc na Muclach, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Máirtín Ó Brannagáin
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
86
Seoladh
Loughmask Castle, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge