Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 309
- XML “Ainmneacha Áiteann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl páirc ná gort ná cnoc ná coill ná gleann, ná loch ná abhainn ná oileán ins an bparraiste seo nach bhfuil a ainm féin air, agus ainmneacha deasa, feileamhnacha gach uile ceann aca. Tá cuid aca an-shean amach is amach. Níos sine ná an Gaedhilg féin. Ainmneacha iad sin a chuir na daoine a bhí annseo ortha sul dá dtáinig Clann Mhíleadh go dtí an tír seo chor ar bith.
Loch Measga.
Glaodhtar an t-ainm seo ar an mbaile mar gheall ar an loch in aice na háite seo. Bíonn ceo i gcómhnuidhe ós cionn an locha.
Baile na Móna.
Deirtear go raibh portach mór ann san am fadó. Níl mórán ann anois acht rian an phortaigh ar an dtalamh atá ann.
Innismeadhoin.
Tá an t-oileán seo suidhte idir Innis Cumhaing agus Innis Eoghain. Tá sean mainistir agus sean caisleán ann.
Cill Lobhair.
Bhí cill ann san am fadó, agus osbuidéal in aice na cille, chun na daoine breoidhte do chur ann.
Baile-an=Chalaidh.
Baile beag ar bhruach an locha. Loch Measga-is eadh é. San am fadó bhíodh tráchtáil ar siubhal ar an loch idir an áit seo agus Túir Mhic Éide. Bhíodh bháidh beaga agus báid móra go fáirsing ann.
Cathair na ngabhar.
Tá na tighthe suidhte le chéile in aon líne amháin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine de Brún
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Meáin, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Brannagáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Loughmask Castle, Co. Mhaigh Eo