Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 296

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 296

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Measca
  2. XML Leathanach 296
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal Áitiúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bhí buachaill aimsire as an gceanntar seo ag dul go Baile-Átha-Cliath suim blianta ó shoin. Ní raibh sé ar traen riamh roimhe sin agus ní raibh mórán eolais aige ar an mbealach. Nuair a tháinig sé go dtí an stáisiún i gClár Cloinne-Mhuiris, léim sé isteach ins an gcéad traen a chonnaic sé, acht má léim féin ní raibh sé i bhfad ann gur cuireadh amach arís é, mar nárbh é an traen ceart é. Rinneadh an cleas céadna leis nuair a tháinig an dara traen isteach. Nuair do bhí an tríú ceann ag an stáisiún, isteach leis i gcarráiste in a raibh sagart. Bhí faitchíos an domhain ar an mbuachaill go gcuirfí amach arís é, agus bhí sé ar mire le feirg, agus é ag eascainidhe. Chuala an sagart é.
    "An bhfuil fhios agat", ars an sagart, go bhfuil tú ar do bhealach go h-ifreann?"
    "M'anam ó'n d......l", ars an buachaill, ag imteacht amach doras an charráiste, "táim ar an traen contráilte arís."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal áitiúil.
    Chuaidh buachaill as an áit seo go dtí an domhan thiar fadó. Chaith sé cúpla blian ann, agus nuair a tháinig sé abhaile go h-Éirinn shílfeá gur ann a rugadh é. Dar leis, ní raibh tír chomh maith le Meiriceá, nó daoine le fághail níos fearr in áit ar bith eile. Bhí sé ag trácht ar Bhaisington oidhche amháin agus a athair ag éisteacht leis.
    "Ní raibh ar an domhan seo ariamh fear chomh fírinneach le Bhaisington," arsa an fear óg, "níor tháinig breág as béal an fhir sin an fhaid a's bhí sé beo."
    "Ó, creidim an méid sin," arsa a athair, "is dócha go labhradh sé mar an chuid eile de mhuinntir a tíre - tré n-a shróin"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chathasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Mhic an Bháird
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Cill Íomair, Co. Mhaigh Eo