School: Loch Measca

Location:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 293
  3. XML “An tIasc Mór”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An t-Iasc mór.
    Bhí amadán ann uair amháin agus níor bhféidir leis aon obair a dhéanamh. Chaitheadh sé gach lá ag fiadhach coinín nó ag iasgaireacht i Loch Measga. Bhí slat breágh iasgaigh aige agus is minic a ghabhadh sé bric mhóra ins an loch.
    Lá amháin nuair bhí sé ag iascaireacht ghabh sé bradán mór agus thug sé leis abhaile é agus bród an-mhór air. D'itheadar an bradán agus mholadar an t-iascaire go mór.
    Cúpla lá in a dhiaidh sin nuair do bhí an t-amadán ag dul ag iascaireacht arís casadh iascaire eile air, agus d'fhiafruigh dhe an raibh an bradán a ghabh sé an-mhór.
    "O," ars an t-amadán, "nuair tharraing mé amach as an uisce é do thuit an t-uisce troigh san loch."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
      2. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cillín
    Gender
    Male
    Address
    Baile na Móna, Co. Mhaigh Eo
    Informant
    Seán Ó Murchadha
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    22
    Address
    Cill Odhar, Co. Mhaigh Eo
  2. Sgéal.
    Nuair do bhí Iúdas ag teach [!] ar ais tar éis ár Slánuightheóir do dhíol chuaidh sé isteach i dteach áirithe. Bí teine mhór ann agus coileach ag fiuchadh i bpota ós a cionn.
    D'iarr fear-an-tighe ar Iúdas an raibh ár Slánuightheóir marbh. Dubhairt Iúdas go raibh sé chomh marbh leis an gcoileach a bhí ins an bpota.
    Ar an bpoinnte boise d'éirigh an coileach amach as an bpota, sheas sé ar an urlár, agus ghlaoidh sé amach ós árd, "Mac na hOighe slán."
    Tháinig faitchios ar Iúdas, rith sé amach, fuair sé téad agus chroch sé é féin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.