Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 290

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 290

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Measca
  2. XML Leathanach 290
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    San tsean aimsir bhí bean in a comhnuidhe i dTuimnaonán in aice Connemara.
    Uair amháin bhí sí ag cárdáil agus ag sníomh olann le bréidín a dhéanamh. Oidhche amháin bhí sí ag iarraidh é a chríochnughadh agus d'fhan sí na suidhe go mall san oidhche.
    Oidhche Sathairne a bhí ann agus bhí sí ag obair go deighearnach nuair a bhuail sean-chailleach isteach a raibh dhá adhairc uirthi.
    Bhuail sí fúithi ar stól agus d'fhiafruigh sí de bhean-an-tighe an rai[bh] péire cárdaí aici agus go dtiubhradh sí congnamh dí. Dubhairt an bhean nach raibh aon chárdaí aici dí.
    "Muise, tá mo ghléas oibre féin agam." ars an chailleach, agus leis sin tharraing sí amach péire cárdaí as a póca agus thosuigh sí ag cárdáil.
    Níorbh fhada gur bhuail cailleach eile isteach agus dhá adhairc uirthi freisin. Shuidh sí síos agus d'fhiafruigh sí de bean-a'-tighe an raibh túirne aici, agus go dtiubhradh sí congnamh dí.
    "Níl aon túirne agam duit," arsa bean-an-tighe.
    "Muise, níl mise gan mo ghléas oibre féin bheith agam," ars an chailleach, agus san am céadna tharraing sí amach túirne agus thosuigh sé ag snío[mh.]
    Tar éis tamaill bhuail an treas chailleach isteach agus mar sin dóibh nó go raibh scór díobh ann ar fad - deichniúbhar aca ag sníomh agus an deichniubhar eile ag cárdáil.
    D'oibrigheadar go dian dícheallach go ceann sgathaimh. Annsin thosui[gh] na cailleacha ag clamhsán eatorra féin, gach duine aca a rádh go raibh bean-an-tighe an-ghortach gan greim le n-ithe nó le n-ól a thabhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Cáit Ní Chathasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Uí Mháille
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40
    Seoladh
    Mucrosán, Co. Mhaigh Eo