Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 289

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 289

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Measca
  2. XML Leathanach 289
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Suim blianta ó shoin tháinig Franncach agus Poncán go dtí Túr-Mhic-Éidigh ar a laetheannta saoire. Bhíodar reoidhte le airgead agus ba mhaith leo cuid de a chaitheamh.
    Lá amháin bhíodar ar spáisteóireacht agus níor fhan siad go shroicheadar bruach Locha Measga. Bhí bád beag ann ag fear darbh ainm Seán de Lapp.
    D'iarradar ar Sheán iad do thabhairt amach ar an loch agus go dtiubhradh siad dhá choróin dhó. Bhí Seán sásta agus baineadh asta go sroicheadar Baile-an-Róba.
    Nuair bhíodar ag teacht arais tháinig stoirm ar an loch. Thosuigh an beirt fhear ag cainnt. Ba mhaith leo cleas a imir ar Seán bocht.
    Annsin dubhairt an Franncach le Seán, "bhfuil biology agat?
    "Ó go deimhin níl," arsa Seán, "mar ní raibheas riamh ar scoil." Rinne an Franncach caoch-shúil leis an bhfear eile agus dubhairt an Poncán, "bhfuil cicology agat?"
    Dubhairt Seán an rud céadna - nach raibh.
    Tar éis tamaill d'éirigh stoirm mhór agus bhí an t-uisce ag teacht isteach ins an mbád. Ar deire - d'iompuigh an bád agus caitheadh an triúr amach.
    Bhí snámh ag Seán act ní riabh ag an mbeirt eile. "Anois," arsa Seán, "bhfuil snámhology agaibh? Muna bhfuil tá sibh caillte ar fad."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Treasa de Búrca
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Murchadha
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    22
    Seoladh
    Loch Measca, Co. na Gaillimhe / Co. Mhaigh Eo