Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Leathanach 274
  3. XML “Mar a bhFuair an Iarla Clanriocard A Chuid Taltaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leath mion-gháire ar aghaidh an búrcach ar a bhfeicsint dó gur a giolla fhéin a bhí ann agus a chlaidheamh aige dó. Shín an giolla an claidheamh in áirde chuig agus a béithead de chlaidheamh ní fhaca aonneach ariamh. Cheapadar go leir go raibh se ithte ag an mheirg acht thug liam idir a dhá lámha é agus bhain sé lúb aistí agus leis an gcioth meirge a léim uaidh dalladh araibh ar an árdán agus fágadh claidheamh lonnrach soillseach in a láimh.
    Is annsin d'ionnsuigh an beirt deág-laoch a chéile agus do rinneadar troid dean dásachtach le cheile nó gur sgar liam ceann agus comhlann an bodaigh ó'n a chéile le aon traén bhuille dhá claidheamh cruaidh. annsin thosuigh sé ghá leadradh is ghá léasadh gach a raibh ar an ardáin go raibh an áit in a chosair chró aige. Rith an fear ionad an Ríogh suas chuig Liam is rug ar a ghualann aige agus d'iarr sé air iad a shábhúl agus go dtuibhradh sé a rogha miain leis.
    "O gaibh mo leathscéal a dhuine uasal." an Liam, "Acht cheapas gur ag cath eachdruime a bhíos le linn an am ama fad agus maidir leis an nguidhe sin a thug tú dom ní iarram ort acht an méid talmhan de thalamh na tíre gur féidir liom ful thart timcheall in aon la amhain ar mhuin "Gheobhfar sin agus failte," ars an duine Uasal.
    Maidin lae ar na bhárach bhí Liam Buidhe De Bhúrca ar ullamh ag eirghe na gréine le na chapall
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Jennie Warde
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mrs Nora Morrin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo