Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- XML Leathanach 273
- XML “Mar a bhFuair an Iarla Clanriocard A Chuid Taltaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar shláinte liam mhar nuair a scaoileadh é bhí sé claoidhte cnaoidhte agus mar sin cuireadh an comhraic ar cúl go ceann ráithe go mbéadh a lúth is neart ag liam arís. Tughadh a lán claidhimh isteach chuige chun a rogha a tóghadh asta. Rug sé ar ceann in adhiaidh cinn acu agus nuair a bhain sé craith asta thuiteadar i smidríní as a lámhaí. Niór shásuigh aon chlaidheamh é. Dá raibh an Rualtas in dhon soláthar dhó agus mar sin chuir sé fios ar a ghiolla fé cheilte chun a claidheamh fhéin a d'fhágháil le na haghaidh a bhí sáidhte in a cheann-adhairt sa mbaile.
Tháinig lá an bhómhraigh agus rinneadh árdán mór le haghaidh an bheirt agus bhí na mór uaisle go leír le bheith bailigthe ann agus fear ionad an Ríogh leo. Tháinig an bodach Sasanach amach agus é feistighthe cómhraighthe le haghaidh an comhraigh agus a chlaidhbeamhcrosordha ag lonrúghadh ina láimh aige. Tugadh amach liam buidhe leis agus gan claidheamh nó gléas cómhraich aige agus chuir sé iongnadh ar gach a raibh i láthair. Sheas sé ar an árdáin agus do chuir sé a láimh ós cionn a shúilí agus do dhearc sé uaidh treasna na faithche go himnídeach. Rinne cách mar an gcéadna agus níorb fada gur facthas dóibh go raibh marcach chuca.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Jennie Warde
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mrs Nora Morrin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo