Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 210

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Leathanach 210
  3. XML “Leigheas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann uair amháin agus ní raibh aici acht inghean amháin. Bhí droch ghalar uirthi a tugtaí triugh air. Bhíodh leigheas ag fear a mbéadh capall bán aige ar an [n]galar sin.
    Aon lá amháin chonaic sí fear ag teacht chuici ar an mbóthar a raibh capall bán aige. Chuaigh sí amach roimhe agus d’fhiafruigh sí de “F[h]ear an chapaill b[h]áin, céard a leigheasfaidh an triugh”?
    D’fhreagair sé í mar seo: “Bainne cíoch circe, é a bhleághan in adharc muice, agus cleit[h] an chait a chur dhá mheascadh.” Sin trí rud nár fhéad an bhean bhocht a dhéanamh, agus fuair an inghean bás leis an triugh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Mháille
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Giobalán
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Ghoin Mhór, Co. Mhaigh Eo