Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Fhocla
Ní dhéanann an luighe fada bréag.
Is minic a chuir fear na luaithe fear na cruaiche amach.
Ní bhíonn duine críonna go dtéigh’ beart in’ aghaidh.
Líontar sac le póiríní.
Is trom an t-ualach ualach de phutóga folamha.
Is minic a bhris teanga srón.
Ar na hadharca beirtear ar na ba agus ar na teangacha ar na daoine.
Níor ghabh do bholg féin buidheachas ariamh leat.
Ní fhéadfa duine a bheith ag feadaighil agus ag itheadh mine.
Dá fheabhas an t-ól sé tart a dheireadh.
Dá fheabhas an t-ól is fearr an t-ithe.
An té bhíos dhá bháthadh b’fhearr leis a bheith dhá dhóghadh agus an té bhíos dhá dhóghadh b’fhearr leis a bheith dhá bháthadh.
Ní bhfuair an sionnach ariamh teachtaire ab’ fhearr ná é féin.
Ná cuir do shúil thar do chuid.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Fhearchair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Mac Seóinín
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- An Chraobhach Thuaidh, Co. Mhaigh Eo